Dónal Óg – Leagan 1
Unique Word Count: 151
A Dhomhnaill óig, a phór na ngaiscíoch Do chúl buí daite 'na ór-buí snoite, 'S iomaí cor is lúb i do chúl a ghaiscígh Agus grá na mban óg i do chófra i dtaisce Ag colbha do leapa tá iomad céile A gruaidh le lasadh 'sa malaidh chaoin deas Má thug mé droim leat faoi bhruach a' tsléibhe Cúrsa an phósta nach raibh mé dreim leis Agus thug mé grá duit is mé beag bídeach An dara grá duit agus mé mór críonna An tríú grá duit chan ar mhaoin no ar bhólacht Ach an grá mór daingean bhí doiligh 'scaoileadh Agus bh'furast domh aithne ort nach tú bhí 'ndán domh Nuair a chuir té 'mach mé oíche na báistí Baineadh truisleadh domh ag giall na bearnadh Char dhúirt tú Dia leat 's char chraith tú lámh liom Dá mbeinnse thoir is anoir a thiocfainn Dá mbeinnse thiar is aniar a thiocfainn Sé an crann caorthainn ba chruaidhe a chnagfainn Agus sí mo bhean féin a ba ghéire leanfainn Gheall tú domhsa gach nidh nach dtearn tú Fáinne óir a chur ar 'ach méar domh Seisreach óir fána hanlaí airgid Agus muileann siúcra ar 'ach sruth i nÉirinn Nach mise féin nach n-ólfadh dadaidh leat Is lucht na scéalta bíos go síoraí a cur eadrainn Beannacht agus céad leat, a chailín dáimhiúil Beidh muid ag ól is ná raibh maith acu.
Dónal Óg – Leagan 2
Unique Word Count: 229
A Dhomhnaill Óig, a phlúr na ngaiscíoch, a chúl dubh dualaigh na gruaige daite; Nach iomaí cor is lúb i do chúl, a ghaiscígh, is grá na mban óg i do chófra i dtaiscidh. Gheall tú domsa ní nach dtearn tú, fainne óir a chur ar gach méar dom, Seisreach óir fána hanlaí airgid agus muileann an tsiúcra ar ‘ach sruth in Éirinn. B’fhurast’ dom aithne nach tú a bhí i ndán domh nuair a chuir tú amach mé oíche na báistí Bhain truisle domh ag giall na bearnadh; ‘s char dhúirt tú Dia leat, is char chroith tú lámh liom. A Dhomhnaill óig, má théid tú thar farraige, tabhair me féin leat is ná déan dearmad; Gheobhaidh tú féirín lá aonaigh is margaidh agus iníon rí Gréige mnar chéile leapa agat. Is mise féin nach ndéarfadh dadaidh leat, lucht na mbréag a bíos ag síorchur eadrainn; Beannacht is céad le do chúilín dathúil, agus beidh muid ag ól is ná raibh maith acu. Ag colbha do leapa tá an iomata céille, a gruaidh le lasadh is a malaidh caoin deas; Trua muid ag imeacht ‘s ag tabhairt ár gcúil lena chéile, is mé ag sileadh na ndeor le cumha do dhiaidhse. Dá mba liomsa a thiocfadh an peann a ghlacaint, is an páipéar bán atá in mo lámh a bhreacadh, Scríobhfainn litir ionsair mo chéad searc a theacht a dh’amharc orm mar go bhfuil mé cloíte. Dá mbeinnse thoir is anoir ní thiocfainn; dá mbeinnse thiar is aniar ní thiocfainn; Sé an crann caorthainn ba luaithe a chroithfinn, agus sé mo ghnaithe féin ba ghéire a leanfainn. Tá mo ghrá-sa i lár an Lagáin, is is glaise a shúil ná drúcht an Aibreáin; Is gile a thaobh ná aol ar chaisleán, is ta boladh na n-ullaí go húr ar a anáil. Rachaidh mé féin go tobar Phádraig; sa chruinniú sin chan fhanaim uair ann; Macsamhail mo charaid chan fhaca mé ariamh agus ‘sé loinnir an óir a bhí i mbarr a ghruaige. Is trua mé inniu agus is trua mé amárach, ag oiliúint an pháiste is gan agam cliabhán; Níl aon deoir bhainne agam is gile ná an t-uisce; is ta babaí óg agam is tá m’fhortún briste. Bhain tú thoir agus bhain tú thiar díom bhain tú romham agus bhain tú mo dhaidh díom Bhain tú an ghealach gheal is an ghrian go léir díom, ‘s is rómhór m’eagla gur bhain tú Dia díom.
Dónal Óg – Leagan 3
Unique Word Count: 264
Tá mo ghrá-sa ar dhath na sméara is ar dhath na n-airní lá breá gréine, Ar dhath na bhfraochóg ba dhuibhe an tsléibhe ‘s is minic a bhí ceann dubh ar cholainn ghléigeal. Ta mo chroí-se chomh dubh le hairne, nó le gual dubh a dhófaí i gceárta, Nó le bonn bróioge ar hallaí bána, is ta lionn dubh mór o scion mo gháire. A Dhónaill Óig, b’fhearr duit mise agat ná bean uasal uaibhreach iomarcach; Chrúfainn bó is dhéanfainn cuigeann duit, is dá mba chruaidh é bhuailfinn buille leat. A Dhónaill óig, má their thar farraige, beir mé féin leat is na dean mo dhearmad; Beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh is iníon rí Gréige mar chéile leapa agat. Má their anon ta comhartha agam ort: ta cúl fionn is dhá shúil ghlasa agat, Dhá chocán déag i do chúl buí bachallach mar bheadh béal na bó nó rós i ngarraithe. Is déanach areir a labhair an gadhar ort, do labhair an naoscach sa churracihín doimhin ort; Tú id’ chaonaí uaigneach ar fuaid na gcoillte, is go rabhair gan chéile go héag go bhfaighir me. Gheall tú domsa, is rinne tú bréag kiom, go mbeifeá romham ag cró na gcaorach; Lig mé fead is dhá ghlao dhéag ort is ní bhfuair mé romham ach na huain ag méiligh. Nuair a théimse féin go tobar Phádraig ag tabhairt an turais ar son mo ghra ghil – Níl mo shúil leat inniu ná amárach, a mhuirnín dílis, mo mhíle slán leat. Gheall tú dhomsa ní ba dheacair dhuit, loingeas óir faoi chrann seoil airgid, Dhá cheann déag de bhailte margaidh is cúirt bhreá aolta cois taobh na farraige. Ní raibh id ghrá-sa ach mám den tsneachta gheal nó gaineamh i dtrá i lár na farraige, Nó feochan gaoithe thar dhruim na ngarraithe, nó tuile thréan do bheadh t'réis lae fearthainne. Dúirt mo mháithrín liom gan labhairt leat aon lá den tseachtain ná Dé Domhnaigh; Is oic an tráth ar thug sí rabhadh dhom— 's é fál ar an ngort é i ndiaidh na foghla. Is mithid dom féin an baile seo a fhágáil; is géar an chloch 's is fuar an láib ann; Is ann a fuaireas guth gan éadáil agus focal trom trom ó lucht an bhéadáin. Fuagraím an grá —is mairg a thug é do mhac na mná úd ariamh nár thuig é; Mo chroí ' mo lár gur fhág sé dubh é is ní fheicim ar an tsráid seo ná in áit ar bith é. Bhain tú thoir dhíom is bhain tú thiar dhíom, bhain tú an ghealach is bhain tú an ghrian dhíom, Bhain tú an croí geal a bhí' mo chliabh dhíom 's is rímhór m'fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.