Unique Word Count: 98
Ó, chuir mé scéala chuici go gceannóchainn cíor di, ’S é ’n scéala ‘chuir sí chugam go raibh a ceann cíortha. Curfá: Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach, Dúlamán na binne buí, ‘s é ‘b fhearr a bhí in Éirinn! Ó, chuir mé scéala chuici go gceannóchainn bád di, ’S é ’n scéala ‘chuir sí chugam nach suífeadh sí ‘gceann rámha. Curfá Ó, chuir mé scéala chuici go gceannóchainn long di, ’S é ’n scéala ‘chuir sí chugam nach rachadh sí i gcontúirt. Curfá “Cad é ‘thug thus’ ‘na tír’ seo?” ‘rsa 'n dúlamán Maorach. “Ag suirí le do ‘níon!” arsan dúlamán Gaelach. Curfá “A ‘níon mhín ó! Sin anall na fir shuirí.” “A mháthair mhín ó! Cuir mo roithleán go dtí mé!” Curfá Chan fhaigheann tú mo ‘níon,” arsa 'n dúlamán Gaelach. “Maise, fuadóchaidh mé liom í,” arsa 'n dúlamán Maorach. Curfá Tá ceann buí óir ar an dúlamán Gaelach. Tá dhá chluais mhaol’ ar an dúlamán Maorach. Curfá Tá bróga breátha dubha ar an dúlamán Gaelach. Bairéad agus triús ar an dúlamán Gaelach. Curfá Rachaidh mé ‘un ‘Iúir leis an dúlamán Gaelach. “Ceannód bróga daor’,” arsan dúlamán Gaelach. Curfá Dúlamán na binne buí, dúlamán an tsléibhe, Dúlamán na farraige is dúlamán an déididh. Curfá