Unique Word Count: 115
Ag bun glas an Eargail is ann a tógadh mé, Is ar bhruach na Claidí a chaith tús mo shaoil: Is níl aon lá dá dtéann thart nach dtéann m'intinn siar Go dtí cairde m'óige is na laethanta a bhíodh. Curfá: Dún Lúiche, Dúm Lúiche, is tú grá geal mo chroí Cé gur fada an lá anois mé i measc na gcoimhthíoch. Dún Lúiche, Dún Lúiche, is tú grá geal mo chroí, Nuair a d'fhág mé do chríocha is ann a d'fhág mé mo chroí. Ag seilg i nGleann Nimhe le héirí na gréine, Nó ag siúl tríd Ghleann Tornáin gan bhuaireamh gan léan; Is nárbh aoibhinn ár n-ealaín ag treabhadh na dtonn Ar Loch Dhún Lúiche is ar Loch Geal na Cuing’. Curfá Ba as an Mhuine Mhór Neansaí a bhi luaite liom seal. Is bhi áit dheas tí againn thoir i Mín na gColl. Ach tháinig an fiabhras is d'fhuadaigh mo mhian: Sin an fáth ar fhág mé Ard an Phota i mo dhiaidh. Curfá Gura slán ag na laetha is an chuideachta a bhíodh Istigh thart faoin Dúnán is faoi Mhín na Craoibh": Gura slán ag ar n-óige faoin Mhuine Bheag, Is an airneál go maidin i Mín na bPoll. Curfá
-Malachy Duffin