Eadar Caiseal Agus Úrchoill

Unique Word Count: 201

Eadar Caiseal agus Úrchoill a casadh domh an chúilfhionn,
Agus í a’ gabháil romhamsa go státúil ins a’ ród.
Rug mé greim cúil uirthi agus leag mé ar an drúcht í,
Agus d’fhág mé a croí dúnta aicí ‘ sileadh na ndeor.

“A Dhia mhóir dhíleas dá mbíodh agam páiste,
Caidé ‘ dhéanfainn díobháil athar do mo leanbh beag óg?”
“Mise Domhnaill Ó Maol Shláine, a’s ní cheilim ar fheara Fáil é 
Gheobhaidh tú ar a’ tSliabh Bhán mé i gContae Mhaigh Eo.”

Bliain ón lá sin a casadh domh an páiste,
‘S bhí teanga chiúin chéillí aici fá mo choinne ins a’ ród. 
Rug sí greim láimh’ orm agus chuir sí romham fáilte:
“Caidé mar ‘tá do shláinte, a ógánaigh óig?

“Seo litir ó m’athair agus beannacht ó mo mháthair, 
‘S bí ag teacht chun na háite seo feasta níos mó.
Gheobhaidh tú na táintí agus maoinchrúdh gan áireamh,
Ach mise bheith ar láimh leat go Contae Mhuigh Eo.”

“Oró leabhra mór, a pháiste, ba doiligh liom a rá leat
Sin athrach nach ndéanfainn ar chúig mhíle bó,
Ach ab é go bhfuil mé dálta le bliain mhór a’s ráithe,
Leis a’ nighin sin ‘Chlainn Uí Dháibhí as Contae Mhaigh Eo.

“Oró, gabh féin agus déan sin, dheamhan a’ miste liom féin é
Ní folamh atá Éire, tá fir eile le fáil.
Is feasach domh céile nach n-iarrfadh aon bhó ’ spré liom 
Ach a ghlacfadh mé in mo léinidh, cé nach folamh atáim.”

“ S é mo chreach a’s mo léan géar nach marbh a bhí mé,
Sular casadh in do shlí mé, a ógánaigh óig.
Mise bheith ‘ guí leat, bean eile bheith a’ luí leat,
‘S mise maidin bhog aoibhinn ‘s mé ‘sileadh na ndeor.

Ar a’ bhaile seo ‘tá an chúilfhionn, ‘sí Máire dheas mhúinte 
‘S í an bhruinneall is suairce í dá dtáinig ó mhnáibh,
 
‘S í mo shearc í, ‘s í mo rún í, ‘s í m’ansacht na bplúr í
‘S í an Samhradh ins an fhuacht í eadar Nollaig a’s Cáisc.