Éamonn An Chnoic – Leagan 1

Unique Word Count: 198

Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a guth 
Ag réabadh mo dhorais dhúnta?
Mise Éamonn an Chnoic atá báite fuar fliuch 
Ó shíorshiúl sléibhte is gleannta.
A lao dhil’s a chuid, cad a dhéanfainnse duit
Mura gcuirfinn ort beinn de mo ghúna,
Is go bhfuil púdar go tiubh á shíorshéideadh leat,
Is go mbeimis araon múchta.

A chúl álainn deas na bhfáinní gceart, 
Is breá 's is glas do shúile,
Is go bhfuil mo chroí á shlad mar a sníomhfaí gad
Le bliain mhór fhada ag tnúth leat.
Dá bhfaighinnse le ceart cead síneadh leat 
Is éadrom deas do shúilfainn,
Is go réidhfinn gach scairt ag éalú lem shearc 
Ar choillte ag spealadh an drúchta.

Is fada mise amuigh faoi shneachta agus faoi shioc
Is gan dánacht agam ar éinneach,
Mo sheisreach gan scor, mo bhranar gan cur, 
Is gan iad agam ar aon chor.
Níl caraid agam, is danaid liom san, 
A ghlacfadh mé moch nó déanach,
Is go gcaithfidh mé dul thar farraige soir 
Ós ann nach bhfuil aon de mo ghaolta.

A ghrá is a chumainn, is a ghrá gach nduine, 
An dtriallfá seal don Mhumhain liom,
Mar a bhfaighimis go deimhin ceol agus imirt, 
Uaisle na bhfear ag sugrádh,
Na héiníní binne ar ghéigíní ag seinm
Is an cuaichín ar bharr an iúir ghlais
Is go brách brách ní thiocfaidh 
An bás inár gcoinne i lár na coille cumhra.

A chúl álainn tais nabhfáinní cas 
Is breá agus is glas do shúile.
Tá mo chroíse dá shlad mar a shníofaí gad 
Le bliain mhór fhada ag tnúth leat.
Dá bhfaighinnse le ceart cead pósta anois leat 
Is éadrom deas a shiúlfainn;
Is mo smaointe a bhean, ag éalú leat
Trí choillte a’ spealladh an drúchta.

Is do bhéarfainn an leabhar, gan bhréig duit le fonn,
Go ndéanfainn do thoghadh, a chéadbhean,
Is do raghainn leat anonn thar tréanmhuir na dtonn,
Gan éadach ar domhan ach im’ léine.
Mura ndéarfaidh tu in am go n-éaloidh tú liom, 
Is tréith mise 's is fann gan éifeacht,
Mar aongheilt i ngleann, gan éirim gan mheabhair,
Faoi ghéaga na gcrann im’aonar.

Éamonn An Chnoic – Leagan 2

Unique Word Count: 198

Cé hé sin amuigh ar mhaoilinn an chnoic
Ag síorchur mo chodladh amú orm?
Tá Éamann an Chnoic, an péarla breá fir, 
Is é ag iarraidh dul ina dhúiche.
A Rí is a chuid, cad a dhéanfas mé riot 
Mura dtóga mé binn de mo ghúna?
Ach tá an oíche seo fliuch is é ag síobadh anoir 
Is b'fhéidir go ndéanfaí ár bplúchadh

A chúl álainn deas na bhfáinní gceart, 
Is breá 's is glas do shúile,
Is go bhfuil mo chroí á shlad mar a sníomhfaí gad
Le bliain mhór fhada ag tnúth leat.
Dá bhfaighinnse le ceart cead síneadh leat 
Is éadrom deas do shúilfainn,
Is go réidhfinn gach scairt ag éalú lem shearc 
Ar choillte ag spealadh an drúchta.

Is fada mise amuigh faoi shneachta agus faoi shioc
Is gan dánacht agam ar éinneach,
Mo sheisreach gan scor, mo bhranar gan cur, 
Is gan iad agam ar aon chor.
Níl caraid agam, is danaid liom san, 
A ghlacfadh mé moch nó déanach,
Is go gcaithfidh mé dul thar farraige soir 
Ós ann nach bhfuil aon de mo ghaolta.

A ghrá is a chumainn, is a ghrá gach nduine, 
An dtriallfá seal don Mhumhain liom,
Mar a bhfaighimis go deimhin ceol agus imirt, 
Uaisle na bhfear ag sugrádh,
Caora cuilinn, samhadh agus biolar 
Blátha agus boladh na n-úll glas? 