Unique Word Count: 136
Éirigh suas, a stóirín, mura bhfuil tú 'do shuí Foscail an doras agus lig mise 'un tí Tá buidéal i m'aice bhéarfas deoch do mhnaoi an tí Agus ta súil agam nach ndiúltaíonn sí mé fána níon. Nuair a éirím amach ar maidin agus dhearcaim uaim siar Is dhearcaim ar a' bhaile úd a bhfuil agam le dhul ann. Ó titeann na deora 'na sróite liom síos Agus nímse míle osna bíos cosúil le cumhaidh. I ngleanntán na coille beothorraí is lag tuirseach a bhím Ó Dhomhnach go Domhnach is mé ag caitheamh mo shaoil. Is mé a' feitheamh 'ach tráthnóna cé rachadh an ród nó ‘ thiocfadh 'un tí Is gan aon ní ar an domhan mhór a thógfadh mo chroí. Is nach aoibhinn don éanlaith a éiríos gach lá Is a luíos arís ar an aon chraobh amháin. Ní hé sin dom féin is do mo chéad míle grá Is i bhfad i bhfad ó chéile bíos ár n-éirí gach lá. A Mhallaí a chéadsearc ná tréig thusa mé go brách Nach bhfuil mé ' do dhiaidh gach aon lá fá mhalaí na n-ard Is tú cruithneacht ar mhná Éireann, is tú an péarla 'tá doiligh ' fháil Is dar mionna mo bhéil ní bréag é go bhfuil mé leatsa i ngrá.