Enniscorthy Carol / Wexford Carol

Enniscorthy Carol / Wexford Carol / Carúl Inis Córthaidh / Carúl Loch Garman / A Phobail ‘Tá Ag Féile Chríost 

Unique Word Count: 73

A phobail ‘tá ag féile Chríost
Cuimhnimis go beacht ‘s fo cruinn
Ar dhein ár n-Athair go fial dúinn
A Aonmhac dilis do sheoladh chugainn
Le Muire naofa guímid
Chun Dia le cionn ar fhéile Chríost;
I mBeithil úd an oíche fhuar
Gur rugadh dúinn ár Slánaitheor.

An oíche roimh an eachtra úd.
An Mhaighdean uasal mhór faoi bhrón,
Le Iósef séimh anon ‘s anall
Ag lorg lóistin oíche dhóibh,
Ó éirigí ar chual’ an scéal,
Do ruaigeadh iad an bheirt araon,
Go bhfuair said scáth ón oích’ monuar,
Ar thaobh an chnoic i gcró bocht fuar.

Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf

Enniscorthy Carol / Wexford Carol / Carúl Inis Córthaidh / Carúl Loch Garman / Ó Tagaigí Is Adhraigí

Unique Word Count: 163

Translation: Verses 1 and 3 translated by M. Cavanagh. Verses 2, 4 & 5 translated by Lugh D. De Paor

Ó tagaigí is adhraigí
an leanbh cneasta sa chró ina luí.
Is cuimhnigí ar ghrá an Rí
a thug dár saoradh anocht an Naí.
Is a Mhuire Mháthair i bParthas Dé,
ar chlann bhocht Éabha guigh anois go caomh,
Is doras an chró ná dún go deo
go n-adhraím feasta Mac Mhuire Ógh.

Sul' rug an Ógh an Briathar Slán,
Bhí an Mhaighdean Naofa 's an Siúinéir Breá
Ar lorg lóistin i mBeithil bheag,
An baile 'na mbeadh an daonáireamh.
Ach, ní raibh lóistin ar fáil ar bith
Chun an fuacht a éalú, lena Gin.
Tharla sé, mar a dúradh fadó,
Gur rugadh Críost i mbothán cró.

I mBeithil thoir i lár na hoích(e)
ba chlos an dea-scéala d’aoirí.
Go follas don saol ón spéir go binn
bhí aingil ag canadh ó rinn go rinn.
Ghluaisigí go beo, duirt Aingeal Dé.
Go Beithil sall is gheobhaidh sibh É
ina luí go séimh i mainséar tuí.
Siúd É an Flaith, Mac Óg an Rí.

Le gean 'na gcroíthe, is grá Dé,
Chuaigh siad ar lorg an Linbh féin,
Is mar a dúirt na haingil leo,
Chonaic siad rompu Mac Dé beo.
Bhí Sé sa mháinséar, go ciúin 's go séimh,
*S an Mhaighdean Mhuire lena thaobh
Ag freastal ar Rí Mór na Rí
A bhí le fanacht istigh 'nár gcroí’.

Bhí triúr rí ó thíortha i gcéin
Ag leanúint solas na réalta féin
A bhí ag taitneamh insan spéar
Os cionn an stábla le gealas an lae
Is nuair a bhi siad ss bhothán cró,
Is d'umhlaigh siad os a chomhair.
Is bhronnaigh siad ‘na láthair dó
A mbronntanais túise, miorr, is óir.

Source: De Barra-Cusack, F. (2002) Ceol Na Nollag: Carúil Nollag Agus Roinnt Amhrán. Baile Átha Cliath: Cló Chaisil.