Unique Word Count: 170
Maidin Domhnaigh ‘s mé ag dul go hEochaill Do casadh ógbhean orm sa tslí, Bhí scáil a leiceann ar dhath na rósaí Is ba bhinne a glór ná na ceolta sí. Leagas mo lámh ar a bráid le mórtas Agus d’iarr mé póigín ar stór mo chroí. Is é dúirt sí “Stad is ná stróic mo chlóca Is gan fios do ghnó ag bean do thí.” Tá mé in amhras go bhfuil tú pósta Is ná cuir aon stró orm ag siúl na slí; Fill ar ais chun na tíre is cóir dhuit Is ann is dóigh liom atá do mhaoin. Óir gach a ngeallair ní dhéanfá a chomhalladh, Is ní shiúlfá an ród liom ach seal den oích', Ach scaoilfeá abhaile mé gan fiú na bróige, Is fuair mé comhairle gan bheith id líon.' “Seo mo lámh duit nach bhfuilim pósta Is gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoi, Is dá dtriallfá liomsa ar ais go hEochaill Go bhfaighfeá ómós mar gheobhadh bean tí. Chuirfinn high-cauled cap i gceart is i gcóir ort, Gúna, clóca is caipisín, Beidh siopadream agat den bhfíon is den bheoraigh Is do leanbh dóighiúil ag ól do chích.” “Níl ann ach uair bheag ó d’fhágas Eochaill Is ní ligeann an brón dom filleadh arís. Do bheadh mo mhuintir go mór i bhfeirg liom Is ní bhfaighinn fóirithint ó m’ chairde gaoil. Leath a n-abair siad ní dhéanaim a gcomhairle Ach buailim an bóthar de ló is d’oích’. Is cailín scaite mé atá ag siúl na mbóithre Ag iarraidh an eolais go Ceapach Chuinn.”