Fairytale Of New York / Finscéal Nua Eabhrac
Unique Word Count: 173
Translation: cast of Ros na Rún
B'í Oíche Nollaig í 'S mé caochta óltach, Dúirt seanfhear 'n aice liom, Sí mo Nollaig dheireanach í. 'Sin thosaigh sé gabháil fhoinn, An 'Rare Old Mountain Dew' Chrom mé mo cheann go ciúin 'S mé cuimhniú ortsa. Nach orm a bhí an t-ádh Tháinig sí isteach go breá Airím istigh i mo chroí Gur linne an bhliain seo romhainn Ó Nollaig Shona dhuit, Is tú mo chléibhín Feabhsóidh rudaí fós Amach romhainn atá sé 'S gear le beár iad na cairr 'S na habhainn lán le h-ór Ach tá gáimh ghéar sa ngaoth Ní haon áit í gan glór Nuair a thóg tú mo lámh Ar ár gcead Nollaig riamh Gheall tú dhom Broadway A bheith romham ins an tslí Bhí tú dathúil Tá tú meabhrach Banríon Nua Eabhrach Ní raibh críoch leis an scléip Bhí an chraic's spraoi thar barr 'Sinatra' ag swingeáil Na cloig 's iad ag 'ringeáil, Muid ag pógadh 's ag damhsa Gan imní faoin saol 'S 'cór an NYPD' 's iad ag casadh 'Galway Bay', 'S na cloig ag bualadh leo Lá Breith' Mac Dé. Fear déirce gan rath A shean stróinse gan mhaith I do chrap ansin thall Mar bheadh cailleach sa gclúid A sclíteach, a chonúis, 'Chacsmuitín an donais Nollaig Shona mo thóin Faraoir gan é thart. 'S 'cór an NYPD' 's iad ag casadh 'Galway Bay', 'S na cloig ag bualadh leo Lá Breith' Mac Dé. Bhí saol breá romhamsa Nach breá an scéal agat é Sciob tú mo bhrionglóid uaim An chéad uair a chas mé ort Tá siad agam i gconaí, a stór I dtaisce i mo chroí Ná fág me 'nois a mhnaoi 'S tú bun's barr mo shaolsa 'S 'cór an NYPD' 's iad ag casadh 'Galway Bay', 'S na cloig ag bualadh leo Lá Breith' Mac Dé.