Unique Word Count: 70
Faoitín túralá Agus faoitín túraladíó, Faoitín túralá ‘S é an faoitín breac is measa liom. Faoitín túralá agus faoitín túraladíó. Nach mór i gceist an liathán Ag iascairí na Gaillimhe, Ach ‘s fearr go mór an faoitín, Is air a gheofá ‘n tairbhe. Faoitín túralá agus faoitín túraladíó. Tá iasc ag ‘daoine móra’ Á chur anonn go Sasana, ‘S d’fhága siad an faoitín, ‘S, a Dhia, nach mór an scannal é! Faoitín túralá agus faoitín túraladíó. ‘S dá bhfeicfeá Máire Mhór, ‘S í ‘gabháil suas Sráid an Mhargaidh, Faoitín in ‘chaon láimh léi ‘S í ‘g iarraidh a stór a mhealladh léi! Faoitín túralá agus faoitín túraladíó. Sailligí na haenna Is íocfaidh siad an salann daoibh, Is dheamhan ar fearr daoibh im Ná na haenna tríd an ‘stirabout’! Faoitín túralá agus faoitín túraladíó.