Fáth Mo Bhuartha

Unique Word Count: 94

'S é fáth mo bhuartha nach bhfaighim cead cuarta ort, 
Sa ghleanntán uaigneach mar a mbíonn mo ghrá 
Bíonn mil ar luachair ann, im agus uachtar,
Go tús an fhómhair bíonn na crainn faoi bhláth. 
Níl gaoth aduaidh ann, níl sneachta crua ann, 
Tá caladh 's cuan ann ag loing a's ag bád
Tá tuilleadh bua ann níl turas cruaiche ann, 
Dá ndéanfá suas le do mhuirnín bán.

'S é dúirt mo ghrá liom, ó bhí tú ógdeas, 
Go ndéanfá foghlaim ar éalú liom;
Is nach mbíonn tráthnóna nó maidin fhómhair, 
Nach tú an réalt eolais a bhíonn ag dul romham; 
Ag siúl na mbánta 's na gcoillte cnómhar
Ní bhíonn orm brón ná duibheagán croí, 
Ach mé bheith pósta ar mo mhíle stóirín, 
A's mo lámh go bródúil thar a brollach mín.