Unique Word Count: 40
Written by: Unknown
Féach ar mo chrann Nollag
Istigh sa seomra suí.
Glas, dearg, oráiste agus buí,
Is aoibhinn liom an spraoi!
Ba mhaith liom an t-aingeal a chrocadh suas
Ach tá an crann níos airde ná mé.
Suas ar an gcathaoir liomsa,
Ar dheis, no, no, ar chlé!
Féach ar mo chrann Nollag
Istigh sa seomra suí.
Soilse, tinsil, maisiúcháin,
Is aoibhinn liom an spraoi!