First Nowell / An Chéad Nollaig Mhór
Unique Word Count: 49
An chéad Nowell, dúirt aingeal Dé,
Le tréadaithe bochta amuigh ar an sliabh.
Amuigh ar an sliabh ar uair an mhéan oích’,
Meán oíche fuar geimhridh sa sneachta ’na luí.
Curfá:
Noël, noël, noël, noël
Rugadh daoibh Rí ar Iosrael.
Do sheas an réalta sna spéartha thuas,
Ar bhaile beag Bethlehem, d’amharc sé anuas;
Ansiúd go sámh, sa mhainséar ina luí,
Le Muire ‘s Iosaf bhí Críost an Rí.
Curfá
Source: https://tairseachcogg.ie/Container/Documents/Cnuasach_Car%C3%BAl_Nollag_20220113092007464.pdf
First Nowell / An Chéad Noël
Unique Word Count: 53
An chéad Nowell ós na haingil sa spéir
Siad na haoirí a chuala é ar chliathán an tslé[ibhe]
Ar chliathán an tslé[ibhe] fé chruatan ‘s anró
Mar a rabhadar ag aoireach an oíche úd fadó.
Curfá:
Noël, noël, noël, noël
Fearaimimíd fáilte roimh Rí Israel.
‘Sea dhearcadar sa spéir ‘measc na réalt is na néal
Insan oirthear-geal-neamhrach an solas fé sheol
An solas fé sheol gan stad gan chonaí,
Is do lean ar a gheal-thuras de ló is de oích’.
Curfá
Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf This translation is attributed to the Christmas leaflet in the parish of ‘n Fheirtéaraigh.
First Nowell / An Chéad Nollaig
Unique Word Count: 55
An chéad Nollaig tháinig aingle Dé
Le scéala chuig tréadaí i ndeireadh an lae,
A gcuid caoirigh agus uain ina luí ar an bhféir
Sneachta ar na conic agus sion ins an spéir.
Curfá:
Noël, noël, noël, noël
Rugadh Críost, Rí Israel
Nuair a d’fhéach siad suas bhí réalt ins an spéir,
Agus é ag soilsiú fríd an aer,
Agus do an domhan thug sé solas breá,
Agus mair an solas ar feadh oíche ‘s lá
Curfá
Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf This translation is titled ”Nowell Tír Conaill” therein.
First Nowell / An Chéad Nowell
Unique Word Count: 59
An chéad Nowell a chan aingle Dé,
A chan siad do mhaoir bhocht i gcúram a dtréad,
I gúram a dtréad ar na bánta fán síon,
San oiche dhubh gheimhridh go dearóil gan díon
Curfá:
Noël, noël, noël, noël
Saolaíodh dhaoibh Rí losrael
Ar chloisteáil dhóibh dhearc siad an réaltán os ard,
I bhfad soir ins na spéartha ag soilsiú gan stad,
Is lean de ló is oíche an ruithne gheal ghlé,
Tuar aoibhnis do-inste do chine bhocht Éabh
Curfá
Source: ‘Amhráin Na Nollaig’ by Róisín Elsafty & Ronan Browne
First Noël / An Chéad Gairm Noël
Unique Word Count: 62
Translation: Tadhg Ó Séaghdha (originally from Kerry, but lived in Ros a Mhíl)
An chéad gairm Noël, do chan Aingeal Dé
Do chan sé do maoir bocht i gcúram a dtréad
I gcúram a dtréad, ar na bántaibh fán tsíon
San oíche fuar geimhridh go dearóil gan díon
Curfá:
Noël, noël, noël, noël
Saolaíodh dhaoibh Rí losrael
Do tharraing an réalt ar an gceard thiar ó thuaidh
Go bhfacthas sa deire gur stad sé sa tsiúl
Os cionn Cathair Dáibhí is gur fhan d'oíche is ló
Ag foillsiú na h-áite 'nár rugadh an Rí Óg
Curfá
Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf
First Noël / An Chéad Nollaig Mhór
Unique Word Count: 75
An chéad Nollaig mhór, bhí cór aingeal Dé
Sa spéir go ceolmhar ag fógairt dea-scéil.
I mbun cúraim a dtréad bhí aoirí na mbán
Is d'airíodar an scéala dea-mhéine is grá.
Curfá:
Noël, noël, noël, noël,
Rugadh an lá seo Rí Iosrael
Do dhearcadar i gcéin an réalta lonrach bhreá
In oirthear na spéire, gan néal, gan scáth.
Agus líon an saol de ghlé-sholas óir
Is lean uirthi ag soilsiú, idir oíche agus ló.
Curfá
Do bhreoigh an réalta triúir éigeas gan cháim,
Ó thíortha i gcéin, thar sliabh agus thar má.
Ag iarraidh an rí, bhí na saoithe mór-chlú,
Is do lean siad de shíor an rinn réilteann iúil.
Curfá