Unique Word Count: 116
Fuígfidh mis' an baile seo mar tá sé dubh gránna, Agus rachaidh mé go Connachtaibh nó siar go Laighin Uí Eadhra, An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór a's míle fáilte, Sealbhán deas bó 'gus cead mo phósadh ar a' táilliúir. A Mhuire nach mé 'n trua 's mé pósta ar a' sclábhaí, Nach ligeann amach chun Aifrinn mé lá saoire nó Dé Domhnaigh; Nach dtéid go tigh a' leanna liom 's nach n-ólfadh giní óir liom, Is nach dteannfadh lena chroí mé mar dhéanfadh 'n buachaill óg liom. Thíos a chois na farraige atá mé féin 'mo chónaí, A' síordhéanamh lionnduibh ó mhaidin go tráthnóna; 'S a' smaointiú ar mo stóirín a bhíodh i gcónaí 'caint liom, Is a' gcuala sibh mar seoladh mé go hóg a dhéanamh m'aimhlis? Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí 'Gus lán mo dhá láimh is níor shásaigh riamh m'intinn; Nach trua nach dtig sé 'reacht amach mar thiocfadh ar bhoin nó 'r chaoirigh, An té nach dtaitneodh 'mhargadh leis a sheoladh ar ais 'un aonaigh.