Fúnicúlí, Fúnicúla

Unique Word Count: 75

Tá daoine ann gur breá leo sult is suairceas, 
Mo dhálta féin;
Is daoine nach foláir leo bheith go gruama 
'S go cásmhar claon;
Hóro! is geal liom féinig bheith go síoraí 
Ag déanamh ceoil —
Hóró! Ar nós na n-éanlaith ar na crainnte 
Ar séis um nóin,

Curfá:
Hó ró, hó ró! sult is greann is ceol! 
Hó ró, hó ró! sult is greann is ceol! 
Fá la la lá; fá la la lá
Fá la la lá; fá la la lá Sult is greann is ceol, 
Fá la la lá — fá la la lá.

I m' mhóide féin ba dhúr an cás an saol seo 
Gan foinn gan cheol,
Go deo ba léanmhar dubhach dó 'na n-éagmais, 
Faoi shíor-dhúbhrón.
Hóró! ardaímis ceol anois go haerach 
Le mórtas croí
Hóró! 'gus bíodh gach glór le clos in éineacht 
Go ceolmhar binn!

Curfá