Unique Word Count: 92
Tá gealach na gconnlach ag éirí sa spéir 'S grian bhuí an Fhómhair ag tumadh sa mhuir Tá na beachógaí ' dranndán sa tseanduilliúr donn Fá Ghaoth Barra na gCoillte, Gaoth Barra na dTonn. Tá na ba óga ’ géimnigh 'nuas mhalaí chró lí? Sna caoirigh ag méiligh le druidim na hoích' Tá gealgháir’ na sruthán fán screagach anonn Fá Ghaoth Barra na gCoillte, Gaoth Barra na dTonn. Ina sruth uisce cheolmhar tá na bradáin a' sceith 'S thart fá na himill tá an fhuiseog a’ breith Tig na héanlaith ’na scaoth ann, an druideog ‘s a’ lon Mar tá dídeán gan doicheall fá Ghaoth Barra na dTonn. 'S guímse Pádraig agus Naomh Conaill caol Nach n-iarraim aon Fhlaitheas i ndeireadh mo shaoil Ach m'anam bheith seoladh fán duilliúr donn Tá ag fás fá do chladaí, a Ghaoth Barra na dTonn