Unique Word Count: 91
Rachaidh mise suas le Gardaí 'n Rí, Agus bhéarfa' mis' anuas ar láimh liom í; Nach mise 'chuirfeadh cluain ar a bánchneas mín, Agus bhéarfa' mé go Tuaifín í grá mo chroí. Curfá : Tógaigí suas ar ghruaimhín an iomair' í, Lasadh ina grua agus bua gach duine léi; 'Ghiolla tá gan gruaim a chuirfeadh cluain ar an iomataí, Nach é mo scéal trua mar luaíodh mise leat. Níl mise tinn agus níl mé slán, 'S rómhór m'osna 's ní fhéadaim a rá Nuair a smaointím ar an uair úd a bhí mé 's tú 'ghrá, Gualainn ar ghualainn agus lámh ar láimh. Curfá Galar cloíte choíche 'n grá, 'S mairg ar a mbíonn sé d'oíche nó lá; Cé gur crua a' rud a' snaidhm is nach scaoiltear é go brách, Ó's a chomrádaí dhílis go dté tú slán. Curfá