Geaftaí Bhaile Buí

Unique Word Count: 192

Ag geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh
A bhí amaideach baoth déanta,
Éaló le mnaoi seal tamaill ins an oích’
Ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí,
Mar bhí mé lag gan bhrí gan mhisneach in mo chroí
’S í agam ar mhín shléibhe,
Bhí an codladh do mo chloí agus b’éigean domhsa luí
Agus d’imigh sí ina fíormhaighdean.

Ag goil a luí don ghréin fán am seo aréir
Ó nach agamsa bhí an scéala buartha,
Ba é a shamhailt domh an té a shínfí ins an chré
Ó, is a Mhuire, nach mé an truaighe,
Sé déarfadh mo chairde, an méid acu a bhí i láthair
Altaigh leis na mná, a bhuachaill,
’S an méid a ngoillfeadh orthu mo chás ghoillfeadh siad a sáith
Fá mo chroí a bheith in mo lár ’na ghual dubh.

Dá mbeinnse thall sa Spáinn ’mo luí ar leabaidh an bháis,
Agus cluinimse do dháil in Éirinn,
D’éireochainn go sáimh leis an bhradán ar an tsnámh
I nduibheagán i lár na hÉirne,
Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go brách
Mura bhfágha mise scríofa i mBéarla é,
’S gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás
Ag dúil go bhfaighinnse spás ar éigin.

Nach agamsa tá an mháistreás is measa i gcríocha Fáil
Cé gur soineanta clár a héadain,
Chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr
Agus b’fhurast ár gcás a réiteach
An madadh rua bheith sách an chaora dhubh ar fáil
’S ní chluinfí mé go brách ag éileamh,
Ach m’fhocal duit, a Sheáin, go bhfuil ealaín ins na mná
Agus codail féin go sáimh dá ndíobháil.

A Mhuire agus a Rí, nach mairg a bíos
I dtoiseach an tsaoil le pléisiúr,
’S a ghiorracht agus a bíos an tinneas do do chloí,
’S do do tharraingt ar na críocha déanach’,
Níl sé ar an domhan ní ar bith och ó,
Is peacaí agus is mó dá ndéantar
Ná an mhaighdean dheas óg a mhealladh le do phóig
Agus a fágáil faoi bhrón ’na dhiaidh sin.