Gleann Beag Lách

Unique Word Count: 116

Is thuas in uachtar Éireann áigh 
Tá baile is áille cló,
Mar a dtaitníonn ré 'gus réalta 'ghnáth 
'S an ghrian go sámh 'om' dhó;
Mar a mbíonn an féar 'na shlaod' ag fás 
Ón Samhain go lár an fhómhair.
Níl ball in Éirinn féin chomh breá 
Le Gleann beag lách an cheoil.

Ní hannamh mé liom féin á rá 
Nuair bhím go tnáit' ó ghnó;
Gur greanta néat' í scéimh na mbán 
Bhí ann ar fáil, 's mé óg;
Bhíodh tuile thréan 's gach aon sruthán 
go ladhar an dá Abhann Mór,
Gan droichead, cabhas ná fiú clochán, 
I nGleann beag lách an cheoil.

Go mairid siúd fé chlú san áit, 
Go Gaelach grámhar cóir;
'S a bhaile is dúchas dúinn thar chách, 
Go rabhair gan cháim go deo;
Ár dteanga féin fé réim go brách 
Is saoirs' ag Clár Loirc Óigh';
'Gus guím Mac Dé go bhfaighe mé bás
I nGleann beag lách an cheoil.

-Torna