Gráinne

Unique Word Count: 153

Marach an gála bheith láidir, thabharfainn mo bhád go Inis Oírr, 
Mar is istigh ann tá Gráinne, a thug mé grá le mo chroí,
Ach gurbh éard dúirt a máithrin gurbh fhearr léi bheith i gcill, 
Ná bheith pósta le bádóir a bhíos i mbarr chuile mhaidhm.

Tá an fharraige spréachta, ta sí ag éirí le cóir, 
Tá mo bháidín sa gcaladh is mé ag réiteach 'un seoil, 
Mac Duach is Mac Dara, lagaigí an ghaoth,
Nó go bhfeice mé Gráinne atá ar aill Inis Oírr.

'S má chliseann ar m'aistir beidh cnoc ar mo chroí,
Anseo cois an chladaigh le taobh Ros an Mhíl,
'S an lá nach bhfuil ag báisteach, tá gála ann nó ceo, 
An lá nach bhfeicfidh mé Gráinne b'fhearr liom básaithe ná beo.

Sí an cailín is áille i a shiúil talamh nó féar, 
Tá a cúl gruaige bán thar a básta léi sios,
Ó, tá a dá grua chomh dearg leis an rós ar an gcraobh,
Ó, mholfá mo Ghráinne, sí grá geal mo chroí. 

Ó, séard dúirt a máithrin go raibh sí ró-óg, 
Ach is dóigh nár thuig sí gur bhlais mé dá póg, 
Ach a Dhia geal na cruinne seo, glac thusa do ghuí
Mar a rinne tú fadó sa Loch Ghaililí.

Cén locht atá ar an mbádóir seachas aon fhear sa tír?
Más ea ní le Gráinne, sí grá geal mo chroí,
Mar is gearr go mbeidh a hathair is a máthair faoi bhrón, 
Í faoin deic sa mbád agam ag teacht Cuan an Fhir Mhóir.

Tomás Mac Eoin