Gráinne

Unique Word Count: 103

Cé hí siúd a fheicim ag tarraingt chugainn aniar? 
Nó fós, cad is brí lena cuairt chugainn?
'Sí Gráinne mhilis Mhaol í, a chaill a teanga fhéin 
Is atá chugainn go tréan ar a tuairisc

Curfá: Ó labhair léi go séimh deas i dteanga bhinn na hÉireann, 
Is tabhairfidh mise an chailc is an clár liom
Ná bíodh eagla ar an mbé, beidh sí eadrainn araon, 
Is múinfimid Gaeilge do Ghráinne

Bhí Gráinne bhocht go tinn agus banaltra 'na feighil, 
Is chuir meabhrán agus pian uirthi in éineacht,
Mar chuaigh sí leis an mBéarla agus thréig sí a teanga féin, 
Ach ná bímis dá h-éagnach sa méid sin

Nach lom í a haghaidh is nach fann í a caint, 
Is é an feall mura bhfaighidh sí a sláinte
Ach labhraimis léi agus meallfaidh muid an bhé 
Agus tabhairfimid muid slán linn ón mbás í

Le Pádraig Ó Mileadha