Unique Word Count: 97
Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Táim ag fanacht le mo bhuachaillín a thiocfaidh roimh an lá, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Tá cruit ar do mhuirnín is ní thiocfaidh sé go lá, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Bíonn caipín bán ar amadán is púicín ar do ghrá, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Ar chuala tú nó ‘bhfaca tú go bhfuair an chailleach bás? Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Má fhaigheann an chailleach bás orainn cé ‘bhogfaidh an cliabhán? Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Bhogfainn le mo chois é d’fhonn an chailleach ‘chur chun báis, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Nuair a bhreathnaím ar Chnoc Mordáin tagann meadhrán ar mo cheann, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Tá mo ghrá chomh fada uaim le prátaí Chontae an Chláir, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Ná lig do rún le bun an chlaí go seasa tú ‘r a bharr, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Ná lig do rún le buachaill ciúin nó is fada ‘bheas do cháil, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Isteach i gcluais, amach i gcluais, a ligim comhrá ‘lán, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Faisean ‘bhíonn ag cailleacha bheith ‘coinneáil fear ó mhná, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá. Ím bím babaró ‘gus óró a ghrá, Tá mac ag Páidín Píobaire in íochtar Chontae an Chláir, Agus ím bím babaró ‘gus óró a ghrá.