In The Bleak Midwinter / I nDúlaíocht An Gheimhridh
Unique Word Count: 118
I ndúlaíocht an gheimhridh le séideadh gaoithe is sioc
Crua an talamh mar iarann an t-uisce féin ina leac
Sneachta síobtha séidte ar thaobh na gcnoc is na ngleann
I ndúlaíocht an gheimhridh i bhfad i bhfad ó shin
Ní thig le neamh a choinneáil ní leor an domhan Dó féin
Imeoidh talamh agus flaithis nuair a thiocfaidh sé i réim
I ndúlaíocht an gheimhridh ba leor stábla íost'
Don Tiarna Dia Uilechumhachtach, Íosa Críost
Is leor dó, a bhíonn seiribín a adhradh lá 'gus oích'
Mainséirín lán féir agus bainne cích'
Is leor sin dó, a dtiteann na haingil os a chomhair
A dtabhrann damh, is asal is camal dó glóir
Bhailigh aingil 's ardaingil ag tabhairt omóis dó
Seiribín is saraifín 'na slóite ag tabhairt onór'
Is A Mháthair aoibhinn, an mhaighdean álainn óg
Le grá Dá Mac ró-ionúin thug sí Dó póg
Cad é a bhéarfainn d'Íosa mise atá beo bocht?
Dá mbeinn i m'aoire bhéarfainn uan anocht
Dá mbeinn i m'ollamh léannta ba léir dom romham an tslí
Cad é a bhéarfainn d'Íosa, bhéarfaidh mé mo chroí
Source: I found the lyrics of this song in the file An Nollaig.ppt , which I downloaded from An tÁisaonad in Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Belfast https://aisaonad.org
Melody: