Iníon An Bhaoilligh

Unique Word Count: 127

Bhí mé oíche taobh istigh ’Fhéil’ Bríde,
Ar faire thíos ar an Mhullach Mhór,
 Is tharla naí dom a dtug mé gnaoi di 
Mar bhí sí caíúil lách álainn óg.
Is í go cinnte a mhearaigh m’intinn,
Agus liaigh na bhFiann, ó, ní leigheasfadh mé, 
Agus tá mo chroí istigh ina mhíle píosaí
Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glégheal.

Is fada an lá breá ó thug mé grá duit, 
Is mé i mo pháiste bheag óg gan chéill,
Is dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom 
Nár chuma liom-sa, a mhíle stór?
A mhíle grá, tá cách ag rá liom
Gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás,
Is níl a’n lá margaidh dá mbeadh ins na Gearaltaigh 
Nach mbeadh cúl fathmhainneach is mise ag ól.

A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt, 
Druid anall liom is tabhair dom póg
Nó is leatsa a shiúlfainn cnoic is gleanntáin,
Is go Baile an Teampaill dá mbíodh sé romhainn; 
Ach anois ó tá mise córtha cráite,
Is gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth, 
A Rí atá i bParthas, déan dom fáras,
I ngleanntán álainn lena taobh.