Unique Word Count: 96
Siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht gan scíth, gan stad, gan fuarú, Tá an oíche ghairid shamhraidh ann is beam araon ar shiúl, Mar a bhfaighimid radharc ar chuanta, ceol, aoibhneas, bailte móra, Is, a Dhia, nach róbhreá an uain í d’iníon an Fhaoit’ ón nGleann. Táimse lán de náire, trí gach beart dá ndearna, Mar is buachaill ó a chráigh mé is d’imigh uaim mo ghreann. Ní beo mé mí ná ráithe mura bhfaighe mé póg is grá uait, Agus fáilte chaoin ó do chairde, a iníonn an Fhaoit’ ón nGleann. Bhí mé lá breá aerach i mo shuí ar bhinn an tsléibhe amuigh Sea chuala an lon is an chéirseach ag seinm os mo cheann; Is deas a scríobhfainn véarsaí is ní deise ná mar léifinn Stair do do mholadh féinig, a iníon an Fhaoit’ ón nGleann.