Unique Word Count: 143
A Rí na Cruinne gan mé is tú in Iorras, nó thiar in Inis Dhún Rámha, Ar bhruach na Finne le taobh na toinne a’ féachaint loingis thar sáile. ‘Á mhéad ár dtuirse ’s gan aoinneach againn, ach géag an duilliúir ár sábháil, ’S é déarfadh gach duine gur lách ár n-imeacht; mar d’éalaigh Diarmuid le Gráinne. Aréir go bhfaca mé féin i m’aisling, mar bheadh sí ar bhacán mo láimhe, A’ spéirbhean mhaiseach mar aon bhrat sneachta, dá mbíodh gan cascairt a dhéanamh. Taobh na macnaí dá mbíodh in m’aice mar chéile leapa gan áirnéis. ’S é ‘ beilín meala a leigheasfadh mo ghalar ’s a bhéarfadh mo cholainn ‘un sláinte. Dá mbínn mo bharún ní dhéanfainn dabhar ar spré bó capall nó caorach. ’S dá bhfaighinnse an ainnir ’na suí le m’aice, nó í ’na seasamh go haerach. Tá gné ar a craiceann míl’ uair níos taitmhí ná éirí maiseach na gréine, ’S ní bréag a chanaim ach is fíor a n-abraim gurb í a thug mais’ ar gach maighdean. Is trua gan mise ’gus planda ’n linbh taobh thiar de loingis Chúl Árann, Nó ar bhruach na Finne le taobh na toinne a’ féachaint loingis thar sáile. Ach ó sháraigh sin orm ’s bhuaigh gach duine orm, mná na cruinne gur thréig mé. Is trua gan mise ‘sa teampall curtha ’s mo dhaoine ’ pilleadh ’ s iad buartha.