Ag Bogadh go hInis Meáin

Toisc na paindéime, tá mo pháirtí, Rusty, ag cianobair agus mé féin ag taifeadh sa mbaile. Don chéad uair inár saoil níl orainn a bheith inár gcónaí in áit áirithe. Is breá linn an Ghaeilge, agus tá suim mór ag Rusty sa gcniteál, mar sin shocraíomar teacht go hInis Meáin ar laethanta saoire seachtaine mí Mheán Fómhair seo caite. Bhí an oileán chomh álainn gur smaoiníomar, ‘Cén fáth nach bhfanfaimid ar feadh míosa agus feiceáil cén chaoi a n-eireoidh linn?’ Ceithre mí níos deireanaí, táimid fós anseo!!

Beagnach i ngan a fhios dom fhéin, bím an-aclaí anseo. Bím ag siúil go dtí an siopa, ag snámh chuile lá, agus ag spaisteoireacht timpeall an oileáin uair sa tseachtain leis an ngrúpa siúil. Tá an aclaíocht forleathan seo an-mhaith do mo shláinte intinne & fisiciúil. Buíochas le Bríd, tá sé an-tirim anseo… táim cinnte go bhfuil níos lú báistí anseo ná mar atá ar an mórthír!  

Tá spiorad pobail níos láidre anseo ná mar a d’airigh mé ariamh. Ón gcéad lá anseo, bhí daoine cabhrach agus cineálta – ag iompar rudaí anuas ón mbád lastas dúinn, ag tabhairt fataí dúinn – go léir gan ceist. Tuigtear ar Inis Meáin gur ‘ar scáth a chéile a mhairimid. Tá meas an domhain agam ar na daoine atá ar an oileán seo – tá siad cruthaitheach, seiftiúil, agus díograsach. Chomh maith le sin, tá scoth na Gaeilge anseo, rud a chuireann gliondar i mo chroí.

Anseo ar Inis Meáin, tá tionchar láithreach, tobann ag an aimsir ar mo shaol – an comhartha gutháin, sceideal oibre, & cúrsaí taistil san áireamh. Aisteach go leor, taitníonn seo liom: is maith liom an meabhrúcháin go bhfuil mé beag agus gan móran eolais, nó smachta, ar dúrúin na cruinne.

Gach lá, feicim iarsmaí de chultúr Réamh-Chríostaí na hÉireann. Déanaim cleachta ceoil ag stánadh ar dhún ceithre mhíle bliain d’aois; bíonn daoine ag cleachta traidisiúin ársa anseo fós, ar nós brídóga Oíche Fhéile Bríde agus Oiche na Coinnle ar an 5ú lá Eanair. Admhaím nach raibh móran cearta ag mná agus go ráta báis ard ins an tsean-aois, ach fós fhéin, tá bá níos mó agam don sean-chultúir duchasach seo ná ár sochaí iarchoilíneach, tionsclaíoch nua-aimseartha.

Cabhraíonn sé go mbíonn muid ag féachaint ar radharcanna áille, in áit scáileáin, ar Inis Meáin. Is féidir le Rusty an fharraige a fheiceáil ón bhfuinneog den oifig; bainimse lán mo dhá súil as Dún Conchúir agus na ballaí cloiche agus mé ag siúil chun siopa. Tá áilleacht nádúrtha an cheantair mar fhreagra cumhachtach ar stíl bheatha fhíorúil den lae inniu – cuireann sí i gcuimhne dúinn céard atá tábhachtach sa bhfíor-shaol.

Tá an oileán seo iontach sábháilte; níor chuir muid an doras faoi ghlas go fóill.

Is féidir liom a bheith i lár cathair na Gaillimhe in gceathracha nóiméad ar an eitleáin, nó nócha nóiméad ar an mbád. Bainim an-taitneamh as an dhá módh taistil seo; ligim mo scíth agus féachaim amach ar na nádúr dochreidte thartimpeall orm.

Ar Inis Meáin tá mo shaol suaimhneach agus sona, le go leor cairdeas agus craic gach lá. Molaim go hard bogadh go hoileán!!