Unique Word Count: 117
‘Gabháil síos a’ gleann mór domh go moch maidin shamhraidh Chuala mé an chailleach go ceolmhar a drandán. D’éist mé seal tamaill le cuaifín na seanmhná Ins an ghlóir go raibh lóistín ag slóite na bhFiann. Chonaic mé dealramh na saoirse sa tseansaol Ar ghuailleacha ógfhear is i súile glinn’ bantracht’ Nochtann sé arís domh i m’aisling go hantráthach. Ins an ghlóir go raibh lóistín ag slóite na bhFiann. Is iomaí oíche Fhómair a chaith mise in m’óige, Ag éisteacht leo ‘g umhlóid sna gleanntáin go cróga. Gan saoirse bheith ag Éirinn, níor ní leo bheith beo inti. Ins an ghlóir go raibh lóistín ag slóite na bhFiann. Is iomaí fear breá a fuair bás ar son Éireann ‘S bhí seoiníní a rá linn gurbh ábhar gan chéill é Ach níorbh eagal leo ’n namhaid, ‘s níor athraigh siad béasaí. Ins an ghlóir go raibh lóistín ag slóite na bhFiann. Mo bheannacht go deo léithe mar ba í a thóg a’ cian domh, An lá sin a cheol sise slóite na bhFiann domh. Ní mhairfidh go deo fir níos calma ná iadsan Gurab é glórmhar bhur lóistín, a shlóite na bhFiann.