Is Deas An Buachaill Páidín

Unique Word Count: 52

Is deas an buachaill Páidín, 
Lá aonaigh nó margaidh, 
‘S ní deise ná lá Márta,
Ar thaobh a bháidín iomartha.

Curfá:
Óró, ‘stór, a stóirín,
Is óró, ‘stór, an dtiocfaidh tú? 
Óró, ‘stór, a stóirín,
A bhuachaill óir, an dtiocfaidh tú?

Gheall sé ‘gus gheall sé,
‘Gus gheall sé go dtiocfadh sé. 
Poll a bhí ‘na bhróigín,
Is dóichí gurbh é a choinnigh é.

Gheall sé ‘gus gheall sé,
‘Gus gheall sé go dtiocfadh sé.
A léine a bhí gan smúdáil,
Is dóichí gurbh é a choinnigh é.

Gheall sé ‘gus gheall sé,
‘Gus gheall sé go dtiocfadh sé. 
A stocaí ‘bhí gan urra,
Is dóichí gurbh é a choinnigh é.

Gheall sé ‘gus gheall sé,
‘Gus gheall sé go dtiocfadh sé. 
‘S mura dtig sé ‘n lá a gheall sé, 
Go mbáitear insa churach é!