Unique Word Count: 125
Johnny Seoighe tuig mo ghlór is mé a' tíocht le dóchas faoi do dhéin Mar is tú an réalt eolais is deise lóchrainn as mo shúil ag teampall Dé Is tú bláth na hóige is deise ghlorthaí dhearc mo shúil ó rugadh mé Agus as ucht Chríost is tabhair dhom "relief" nó go gcaitear Oíche Nollag féin. Agus lá arna mhárach fuair mé an páipéar, is nach mé a bhí sásta agus chuaigh mé 'un siúil Is ní bhfuair mé freagra bith an lá sin ach mé féin 's mo pháistí bheith amuigh faoin drúcht Tá mé tuirseach, sciúrtha, feannta, oibrithe, gearrthaí ó neart a' tsiúil Is a "Mhister Joyce" tá an "workhouse" lán is ní ghlacfar ann isteach níos mó Is nach mór an clú dho bhaile Charna an fhad 's tá an lanúin seo dhul thrí Mar is deise 's breáichte dreach na mná ná 'n "morning star" nuair a éiríonn sí Tá 'n bhanríon tinn is í go lag 'na luí is deir dochtúirí go bhfaighidh sí bás Is é fios a húdair léir mar deir siad liomsa nuair nach bhfuil sí pósta ag "Mister Joyce"