Unique Word Count: 177
Go raibh slán don am a raibh mise óg, Ba sin an uair arbh fhiú bheith beo, Bhuail mé suas le cailín óg deas, Lá breá te sa tsamhradh. Ar inseán ghlas ar bhruach na trá. 'S mé 'meabhrú liom ar chúrsaí grá. Cé chasfaí ann ach spéirbhean álainn, Lá breá te sa tsamhradh. Bhí a gruag mar fháinní 'crochadh anuas, Bhí dealramh solasta ina gruaidh, 'S ba bhinne guth a béil ná'n chuach, Maidin aoibhinn shamhraidh. Shuigh sí síos ar inseán féir. Is chuaigh mé féin chun súgraidh léi. 'S nár dheas a dealramh 'bhí sa ghréin, Lá bred te sa tsamhradh. Dhruid mé leis a' chailín óg, Agus bhain mé dithe cupla póg, 'S a Dhia anocht nár dheas ar ndóigh, Lá breá te sa tsamhradh. Ach mo bhrón fá dheireadh thit an oích', Is d'éalaigh sí mo spéirbhean chaoin, Ach gheall sí domhsa 'theacht arís. Go gcríochnaimis a' cleamhnas. Chuaigh mé féin 'na' bhaile a luí, Ach níor chodail mé ar feadh na hoích', Ach a' meabhrú liom ar stór mo chroí, A bhí 'gabháil i mo chleamhnas. Chuaigh mé síos an dara Iá, Is dhearc mé thart fá bhruach na trá, Ach ní raibh mo stóirín óg le fáil, 'S bhí gruaim ar ghrian a' tSamhraidh. Thiontaigh an aimsir fliuch is fuar Is tháinig feochán fuar ó thuaidh, Is mise bocht liom féin faoi ghruaim, 'S ba chosúil é le geimhreadh. Phill mé féin 'na' bhaile arís. Is luigh mé síos ar feadh thrí mí, 'Mo chraithleán bhreoite bhocht gan bhrí, 'S mé 'smaointiú ar an tsamhradh. Nuair a théim amach ar shliabh a' tsín, 'S mé reaite caite ag buaireamh an tsaoil, Théid a’ fuacht 's a’ t-anro fríd mo chroí, I ndúlaíocht a' gheimhridh. Nuair a smaointím ar na laetha breátha, 'Chaith me thart fá bhruach na trá, 'S gur thit mé 'dtús mo shaoil i ngrá, Lá breá te sa tsamhradh.
-Seán Bán Mac Grianna