Les Anges Dans Nos Campagnes / Angels We Have Heard On High

Les Anges Dans Nos Campagnes / Angels We Have Heard On High / Glórtha Binne Aingil Dé

Unique Word Count: 42

Glórtha binne aingil De
Thar na bánta is móinte teacht
Macalla sna cnoic i gcéin
Fógairt saolú Rí na bhFeart.

Curfá:
Gloria in excelsis Deo,
Gloria in excelsis Deo.

Siansa ceoil ag aoirí bocht'
Ceolta caoin san oíche fhuar;
Scéala ar fud na sléibhte anocht
Leanbh tháinig, Dia na mBua.

Curfá

Source: Ó Donnghaile, Cathal. “Ciste Ceoil An Choláiste: Díolaim d’Amhráin Ghaeilge Do Ghaelcholáistí.” Co. Muineacháin: Coláiste Oiriall, March 17, 2011.

Les Anges Dans Nos Campagnes / Angels We Have Heard On High / Céard Is Scéal Don Cheol Sa Spéir

Unique Word Count: 58

Céard is scéal don cheol sa spéir?
Ceol mar chantain aingle Dé,
Amhrán binn thar domhan go léir,
Ag fógairt fíor faoi mhíorúilt Dé

Curfá:
Gloria in excelsis Deo,
Gloria in excelsis Deo.

Céard faoi ndear bhur ngairdeas croí?
Céard is ábhar áthais dhaoibh?
Ligigí an scéal liom, a aoirí,
Mar do craoladh é ó Dhia

Curfá

Triall ar Bheithil, triall go dian,
Triall go bhfeicir Dia ina naíon,
Triall in éineacht linn gan mhoill,
Triall go n-adhraimis an Críost

Curfá

Source: Amhráin Na Nollaig Róisín Elsafty & Ronan Browne 

Les Anges Dans Nos Campagnes / Angels We Have Heard On High / Cluineadh Ceol Ó Chór Ainglí

Unique Word Count: 59

Translation: S. M. Ó Coindealbháin 

Cluineadh ceol ó chór ainglí, 
Siansa ceoil go glórach binn
Bhí gach aird, gach má, gach sliabh,
Líonta lán de ghairdeas Chríost.

Curfá:
Gloria in excelsis Deo
Gloria in excelsis Deo

Cad fé ndear bhur ngáirdeas croí?
Cad is ábhar áthais daoibh?
Ligig’ ‘n scéala liom, ‘aoirí,
Mar do craoladh é ó Dhia.

Curfá

Triall ar Bheithil, triall go dian,
Triall go bhfeicir Dia na Naíon,
Triall in éineacht linn gan mhoill,
Triall go n-adhraimís an Críost.

Curfá

Source: De Barra-Cusack, F. (2002) Ceol Na Nollag: Carúil Nollag Agus Roinnt Amhrán. Baile Átha Cliath: Cló Chaisil, and

Les Anges Dans Nos Campagnes / Angels We Have Heard On High / Aingil A Chualamar Ag Ceol

Unique Word Count: 73

Aingil a chualamar ag ceol 
Go haoibhinn os cionn na mbán,
Is na beanna ag taobhú leo
Le macallaí suairc' a ndán

Curfá:
Gloria in excelsis Deo
Gloria in excelsis Deo

Tuige, ‘Aoirí, bhur lúchair?
Cad fé ndear bhur ngliondar buan?
Nochtaig’ duinn an scéala 'tá
Ag spreagadh bhur nduain

Curfá

Gluais, go bhfeicfir 'mBeitheal romhat
An t-É a mhórann cóir ainglí
Tar 's umhlaigh 'n omós dó,
Criost, a saolaíodh ina Rí

Curfá

Féach sa mhainséar ina lui
Íosa, Tiarna neimhe 's talún
'Mhuire, 's Iósaif, 's é ár nguí
Gean á chothú dó go buan

Curfá

Source: https://www.scoilgaeilge.org/Nollaig

Les Anges Dans Nos Campagnes / Angels We Have Heard On High / Aingil Chualamar As Ard 

Unique Word Count: 78

Aingil chualamar as ard
Ag ceol go haoibhinn ar fud na mbán
Agus na beanna ag taobhú leo
Le macalla suairc a ndán

Curfá:
Gloria in excelsis Deo,
Gloria in excelsis Deo.

Tuige, Aoirí, bhur lúcháir?
Cad fé ndear bhur ngliondar buan
Nochtaigh dúinn an scéala láir
Tá mar spreagadh le bhur nduan

Curfá

Gluais, go bhfeicfir mBeitheal romhat
An t-É a mhórann cór ainglí
Tar 's umhlaigh 'n omós Dó
Críost a saolaíodh ina Rí

Curfá

Féach sa mhainséar ina luí
Íosa, Tiarna neimhe 's talún
A Mhuire, 's Iosaif, 's é ár nguí
Gean a chothú Dó fá rún

Source: https://www.macsuibhne.com/carul/