Unique Word Count: 271
A bhuachaillí, a bhuachaillí molaim sibh go síoraí, Sibh’ thógfadh croí na gcailín ‘s chuirfeadh gnaoi ar chruinniú daoine, Nuair a smaointím ar na scafairí ‘s iad cruinn ar Ard an Aonaigh, A’ caochadh ar na streabhógaí ‘s a’ cogarnaigh go síodúil. Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Isteach go tigh a’ leanna libh a chailíní ná dílse, Braon de shú na braich’ a chuirfeas mothú in bhur gcroí istigh, Ólfaimid is ceolfaimid is beimid seal go siamsach, Beimid súgach meanmnach is pleoid ar bhuaireamh ‘n tsaoil seo, Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. B’ ann a bhíodh a’ chuideachta a’ teacht ‘na’ bhaile on aonach. A’ gealgháirí ‘s a’ priollaireacht ‘s a’ feitheamh le’ ár mian ‘fháil, Fá dheireadh théadh gach scafaire ‘r ghreim sciatháin lena chaoinbhean, Síos a’ mhalaigh raithní’s iad a’ portaíocht go croíúil. Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Amuigh fá bhruach na coilleadh arís le coim na hoíche. B’ ann a bhíodh a’ tsuirí ‘gus na smaiseogaí go Iíonmhar, Na spéirmhná ‘g éirí cigilteach ‘s na scafairí go caíúil. Á dteannadh lena mbrollach is á mealladh amach fán fhraoch leo, Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Ní dhéanfa’ mise dearmad den tsuirí ins an oíche, Éanacha na coilleadh ‘s iad a’ seinm ar na gaobhair. Boladh deas na meala ‘gus mo stóirín le mo thaobh liom, ‘Gus feochan deas ón fharraige a’ siosarnaigh sa mhíodún Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Is róbheag m’aird go dearfa ar spreallairí gan umláid Nach n-ólfadh gloine leanna ‘s nach mbeadh fearúil ‘s nach mbeadh fiúntach, Nach gclaonfadh leis a’ chuideachta ‘s nach gcaithfeadh seal go súgach, ‘S nach ndaimhseochadh go haigeantach le bruinneal mhaiseach mhúinte. Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Oiche Fheil’ Eoin bhíodh tinidh againn thuas ar Leac a’ Cháite A’ píobaire a’ seinm dúinn is sinn go haoibhinn sásta, Le bodhránacht na maid’ne théadh gach strugán lena ghrá geal Síos fá thaobh a’ ghleanna nó go gcríochnaíodh siad a’ t-airneál. Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Ó Dhia na Glóire ‘n chuideachta bhíodh thíos ar Leac a’ tSúiste. A’ cleasaíocht ‘s a’ gliodaíocht, a’ peataíocht ‘s a’ súgradh, A’ píobaire s a’ fidileoir a’ seinm dúinn go croíúil, Dhamhsadh sinn go maidin is níorbh fhada linn an oíche, Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Ár mbeannacht leis na laetha’ sin, nach mór a d’athraigh ‘n saol seo, Níl grian a’ tSamhraidh ‘taitneamh, níl gealach ann son oíche, Nil guth na n-éan le cluinstin ann, níl fidil ann, níl píob ann, Níl ann ach blár fann folamh agus briseann sin mo chroíse Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. A bhuachaillí ‘s a chailíni ‘tá ‘nois ar bheagán buartha. Déanaigí bhur ndícheall de, níl ann ach seal bhur gcuarta, Nó tiocfaidh ‘n Iá go tapaidh’s beidh sibh scaite ar an uaigneas, A’ gol agus a’ mairgnigh fán chinniúint a fuair buaidh ‘raibh Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé Ián. Nuair a bheas mé marbh déanai’ m’fhaire i dtigh na beorach. Ólaigí ‘gus ceolaigí go gcluine mé bhur nglórthaí, Ansin tugaí’ ‘na cille mé ‘gus déanaigi mo thórramh, Agus baistigí le biotáilte mo chorp agus mo chónair Is líontar dhúinn a’ crúiscín is bíodh sé lán.
-Seán Bán Mac Grianna