Litir Chuig Daidí Na Nollag

Unique Word Count: 43

Written by: Áine Ní Ghlinn

A Dhaidí na Nollag,
A chara mo chroí
Le'd thoil, léigh mo litir
Is éist le mo ghuí

Ba bhreá liom liathróid
Agus teidí beag buí
Is más féidir (don pheil)
Péire buataisí

Beidh mo stoca
Ar chrochadh sa seomra suí
In aice leis fágfaidh mé
Bainne is brioscaí

A Dhaidí na Nollag,
A chara mo chroí
Le'd thoil, léigh mo litir
Is éist le mo ghuí