Litir Chuig Santaí

Unique Word Count: 161

Music composed by: Pádraic an Tailliúra Ó Conghaile

Words written by: Pádraic an Tailliúra Ó Conghaile

Lyrics:

Curfá:
Santa Claus, éist mo chás,
Nil mé ag iarraidh mórán,
Carr dhom fhéin is b'fhéidir traein,
Is leabhairín mór do Chóilín;
Babóg dheas do Chit is Tess,
Is teidí beag do Noelín,
Is cuma leis mar tá sé beag,
Ní bhíonn sé ag iarraidh mórán.

Ghlan muid an simléar arú inné,
Ô, bhí sé lán le súiche
Beidh sé éasca a'd fáil thríd
Ach coinnigh súil ar Louis;
Nil sé olc ná tada dhá shórt
Ag tafann a bhíonn sé i gcónaí,
Ar leic an teallaigh a luíonn sé siar,
Is ann a bhíonn sé ag cónaí.

Bhí mé iontach ag an scoil,
Ag déanamh m'obair baile,
Ní maith le Cóilín déanamh sums,
Is mise a bhionn á mhúineadh;
Tá Cáit is Tess go maith ag scríobh,
Ní thógann siad aon chúnamh,
Nil Noelín fós ag dul ar scoil,
Ach mura mbíonn sé ag stróiceadh.

Curfá

Thug mé cúnamh do mo mháthair,
Ach bhris mé cúpla pláta,
Is nigh me Noelín ins an mbath,
Ní raibh mo Dheaide róshásta;
Ní ligfidh Mamaí dhom níos mó,
Mar rinne muid damáiste,
Ní dhearna mise tada beo,
Ach murach Noel ag dóirteadh.

Dúirt Mamaí gur mé is fearr,
Tá Cóilín bocht an-dána,
Bhris sé fuinneog ar an hall,
Ag imirt ball tráthnóna;
Bhí Cáit is Tess maith go leor,
Ach fanacht as an seomra,
Ar dhúirt mé Noel, bhí sé thar barr,
Tá an créatúr bocht chomh sásta.

Curfá

Nil mórán eile agam le rá,
Tá mo shúile ag dúnadh,
Beidh meacain fágtha ar an díon,
Do Rúdolf is a chairde;
Beidh caife agus ruainne feola,
Fágtha dhuit ar phláta,
Slán anois, a Shanta Claus,
Ó Joeín Sheáin Ó Fátharta.

Machine Translation:

Santa Claus, listen to my case,
I don't want much,
A car for myself and maybe a train,
A big book for Cóilín;
A nice doll for Cáit and Tess,
A little teddy bear for Noelín,
He doesn't care because he's small,
He doesn't want much.

We cleaned the chimney yesterday,
Oh, it was full of soot
It'll be easy to get through
But keep an eye on Louis;
He's not bad or anything
He's always barking,
He lies back on the hearth,
That's where he lives.

I was great at school,
Doing my homework,
Cóilín doesn't like to do sums,
I'm the one who teaches him;
Cáit and Tess are good at writing,
They don't take any help,
Noelín isn't going to school yet,
But if he's not crying.

Chorus

I helped my mother,
But I broke a few plates,
And I washed Noelín in the bath,
My grandfather wasn't very happy;
Mother won't let me anymore,
Because we did damage,
I didn't do anything wrong,
But if Noelín wasn't crying.

Mother said I was the best,
Poor Cóilín is very naughty,
He broke a window in the hall,
Playing ball in the evening;
Cáit and Tess were quite good,
But stay out of the room,
Did I tell Noelín, it was great,
The poor creature is so happy.

Chorus

I don't have much more to say,
My eyes are closing,
There will be carrots left on the roof,
For Rudolph and his friends;
There will be coffee and meatloaf,
Left for you on a plate,
Goodbye now, Santa Claus,
From Joeín Sheáin Ó Fátharta.