Unique Word Count: 126
Má théid tú 'un aonaigh bíodh an chaora leat a holann is a huan, Má bhíonn tú díomhaoin bíodh, do mhian leat ar thoiseach an tslóigh, Ó bí aoibhiúil, geanúil, caoithiúil is molfar as sin thú Ní hí an mhaoin a bhéarfas i dtír thú agus ná mealltar leithe thú. A ansacht cérbh' ansa leat fear eile agat ná mé 's gur tú an planda beag a shanntaigh mé i dtoiseach mo lae, Thug mé fancy duit gan amhras mar bhí mé óg gan chéill 's focal cáinte ná rabh insan cheann údaí a mholfadh duitse ach mé. Teacht an Earraigh ceannód talamh is dhéanfad fáras beag domh féin Beidh mo mhuintir a shíor mholadh domh gur críonna rinne mise é; Níl ach moladh ar mhná 'n domhain agus beidh bean agam féin Ní hí an mhaoin atá mé a shantú ach a cáilíocht 's a méin. A chéadsearc an féidir go gcodlann tú san oích' An é rud nach léir duit na saighde atá a polladh in mo chroí Tá ní éigin a mo bhuaireamh 'gus an arraing a mo chloí Agus mé ag éisteacht le héanacha na coilleadh gabháil a luí.