Unique Word Count: 146
Ag siúl amach chun aonaigh 'bhí thoir ar an Chlochan Liath. Ag carraig Leim an tSionnaigh cé ‘ chím romham sa tslí Ach spéirbhean óg na háite, is í ag sileadh na ndeor: "I ngrá." ar si. 'ni thitfidh mé níos mó." Curfá Ó, ba ghile a cneas ná sneachta na haon oích'. Is ba bhinne liom a glór ná an chuach insa fhraoch. Is go siúlfainn féin an tír seo gan bhuaireamh is gan bhuairt Le grá mo chroí, 'sí Máire Loch an Iúir. Mhínigh mise di go raibh an charraig seo faoi dhraíocht, Is dá leagfadh sí a lámh uirthi go mbeadh sí pósta faoi cheann blian': Ansin shiúil muid linn go haerach ag dul soir chun an Chlocháin Leith; "Nár mhéanar dom.' ar sí, 'a bheith gan spré," Ag teacht abhaile istoíche. iomlán gealaí insa spéir, Deora geala drúchta ag drithliú ar an fhéar; Sular scar muid ag Mín na Manrach thug mé lámh is focal di; "Nár mhéanar dom gur thréig sé mis,' ar sí. 'Nár suí 'nois cois na tine, muid beirt anonn in aois. Ag smaoineamh siar ar chairde is ar laethanta ár mbaois’; Is iomaí uair a smaoiním ar an bhréag lenar mheall mé í Ag Carraig Léim an tSionnaigh 'Tríocha ‘Trí.
-Malachy Duffin