Máire Mhór

Unique Word Count: 108

Tá bean a’msa in Árainn Mhór 
Agus bean eile in Inis Bearachain, 
Ach mo ghrá í Máire Mhór, 
‘Sí an bhean a is fearr ar fad acu.

Curfá:
Is óró, ‘Mháire Mhór, 
'S a Mháire Mhór, an dtiocfaidh tú? 
Mura dtiocfaidh tú mar ‘gheall tú, 
Go mbáitear insa gcladach thú!

Is grá mo chroí mo stóirín
Ó is tú nach ndéarfadh tada liom. 
Is tú chuirfeadh na fataí móra
I dtaisce ar leic an teallaigh dhom.

Curfá

Ní le faochain ná le bairnigh, 
Ná le bláth na scailliún dearga 
A mheall mise Máire Mhór, 
Ach le fuisce láidir Shasana.

Curfá

Dá bhfeicfeá Máire Mhór 
'S í ag dul sráideanna na Gaillimhe 
Gan folach ar a bráid 
Ach cóta mór an charrara!

Curfá

Dá mbeinnse 'n Árainn Mhór 
Is mo bhád seoil a bheith faoi lucht agam 
Nach deas 'thornálfainn an ród 
Ach Máire Mhór a bheith faoi deic agam!

Curfá

Bhi 'Yes' aici 's bhí 'No' aici
Is ar ndóigh bhí 'fwhat not' aici, 
Is murach lucht a' Bhéarla
Nach gcuirfinn dandy cap uirthi.

Curfá