Unique Word Count: 153
Óra grá mo chroí le m’anam thú, seachas a bhfuil beo Mar is tú a shábháil m’anam dhom an lá úd a tháinig mór Bhí dhá cúrsa ceangailte a’m, is barróg ar a’ seol, ‘S níor scair mé le ceann Gallúna nó go dtáinig mé isteach sa ród Ghá bhfeicteá bád clann Dhonnachadh gach lá a dheighilt sí ‘n seol Phlúchfadh sí an fharraige s’ní fhliuchadh sí ceann seoil Bhí tús ar chuile sheol aici, dhá dtagadh an lá mór, ‘S go ndíolfainn mo luichtín mhóna ‘s me a’ comhrá le mo stór Mo ghrá thú, a Mháire Ní Ghríofa, ‘s tú an rí-bhean thar na mná, Níor iarr mé riamh an cnaigín ort nach líonfá suas an cárt, Nuair a dhéanfainn a dhul á íoc leat, ní dhéanfá fuaim ach greánn, ‘S ní scairfidh mo chroí-se choícheann leat, go dtí an oíche thar éis mo bháis Ó nach iomaí maidin Domhnaigh chaith mé súgach maith go leor, Dul síos le mo luichtín móna is dhá chúrsa ar an seol, Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith, go gála nó do cheo, Nó go dtéinnse ag caint le plúr na mban, a mbíodh romham sa mbaile mór. Nuair a imeos mé as an áit seo agus nuair a dhíbreofar mé as an mbád, Caithfidh mé oí’ i Muighnis, ‘s dhá oíche sa Trá Bháin, Siúlfaidh mé thart sna ‘Libertys’, 's anonn faoi chondae a’ Chláir Ach muna bpósfaidh Máire Ní Ghríofa me, ní fhillfidh me go brách