Máirín De Barra

Unique Word Count: 89

A Mháirín de Barra, do mhearaigh tú m’intinn,
Do chuir tú beo i dtalamh mé i gan fhios do m’ mhuintir,
Ar mo luí dom ar mo leaba is ort ’sea bhím ag cuimhneamh 
Is ar m’éirí dom ar maidin mar gur chealg tú an croí dom.

Do thugas is thugas is thugas ó m’ chroí gean duit
Ar Dhomhnach Fhéile Mhuire na gCoinneal sa teampall, 
Is do shúilín ba ghlaise ná uisce na ngeamhartha
Is do bhéilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann.

Do shíl mé tú a mhealladh le briathra is le póga 
Do shíl mé tú a mhealladh le leabhair is le móide
Is do shíl mé tú a mhealladh ar bhreacadh na heornan
ach d’fhág tú dubhach dealbh ar theacht don bhliain nua mé.

Is aoibhinn don talamh a siúlann tú féin air,
Is aoibhinn don talamh nuair a sheinneann tú véarsa, 
Is aoibhinn don leaba ina luíonn tú faoi éadach,
Is aoibhinn don fhear a gheobhaidh tú mar chéile.