Unique Word Count: 115
Óró, ’shean chlann Uí Néill, éirigh suas nocht a’ faobhar Agus gluais ’e chéimibh frasa liom i mbearnán a’ bhaoil Féach a’ bhladhm ar bharr na mbeann, loinnir pící is lann, Is ár mbráithre chugainn a’ tarraingt ó na sléibhte anuas, Céim ar aghaidh, tóg an liú, ‘An Dearglámh Abú’, Tá seoltaí na Spáinneach leis an ghaoth ar an chuan, Bímis mear, bímis tréan, bímis bródúil asainn féin, Is ní fada nó go bpléascfaimid ar ghleannta na Mumhan. Tá an Mhumha mhéith ar lár faoi Charew fear an bháis, Is le lasair gheal na gcoillte tá an oíche ina lá, Is ar thailte leathan’ Laois’ tá an barr á leagadh síos, Is á loisc ag díormaí dearga an oilc is an smáil. Ach a chlann, ó, mo chléibh, tá an Spáinneach lenár dtaobh, Tá buabhall Chlainn’ Uí Dhónaill linn go glórach ag glaoch, Thar an sliabh, thar an mhám, thar an abhainn is bíodh sí lán, Agus cluinfear píob an Ultaigh thíos i lár Chineál Aodha.