Mary’s Boy Child

Mary’s Boy Child / Leanbhán Mhuire Íosa 

Unique Word Count: 75

Fadó fadó i mBeithlihem 
De réir Bhíobla Dé
Rugadh ann lá Nollag féin,
Íosa Mac Dé.

Curfá:
Éistíg’ leo, cluinigí iad inniu,
Tá rí úr ar an saol
Is mairfidh Dia go deo na ndeor
De thairbhe seo go léir.

Bhí sréadaithe bochta ‘muigh san oích’
Ag amharc ar réalt úr nua
Chuala siad said ceol ag teacht chucu
As áit i bhfad ar shiúl.

Curfá

‘N oíche sin féin a bhfuil mé ag trácht uirthi,
Tháinig Iosaef agus Muire a bhean
Go Beithlihem ag iarraidh áite
Ach seomra ní bhfuair siad ann.

Curfá

Source: https://tairseachcogg.ie/Container/Documents/Cnuasach_Car%C3%BAl_Nollag_20220113092007464.pdf

Mary’s Boy Child / Fadó, Fadó I mBeithilín 

Unique Word Count: 85

Fadó, fadó i mBeithilín
Deir a’ Bíobla is creidigí,
Rugadh naíonán Íosa Críost
do Mhuire um Nollag

Curfá:
Éistigh anois le h-Aingeal Dé:
“Inniu rugadh Rí uilig,
Is mairfimid go deo na ndeor
Mar gheall ar an Nollaig.

Bhí aoirí ag faire a dtréada ann,
Chonaic siad réalt nua lonrach glé
Chuala siad an ceol álainn
Ag teacht ó i bhfad i gcéin.

Curfá

An oíche sin thánaig Seosamh
‘S Muire bheith gan smál
Ní bhfaighidís áit ina mbeirtí naíon
Ní raibh aíocht ar bith le fáil.

Curfá

Ar ball do fuair siad áitín chiúin
I stábla uaigneach ann,
Agus ins an mainséar rugadh É
Mac Muire, Rí an Domhain.

Curfá

Mary’s Boy Child / Leanbhán Muire 

Unique Word Count: 101

Translation: Seán Ó Briain

I mBeitheal thoir, fadó, fadó, 
De réir Bhíobla Dé
Rugadh Íosa, Dia na Naíon’
Lá Nollag le breacadh an lae.

Cúrfá:
Éist le ceol na n-aingeal binn,
Éist ‘gus iad ag glaoch,
Anois tá Íosa Críost inár measc,
Aililiú Mac Dé!

Séid trumpaí go glórach ard,
Thar an sneachta bán,
Tá Íosa tagtha ar an saol
Is an uile dhuine slán.

Cúrfá

Agus aoirí ag faire ar thréad caorach,
Oíche dhorcha fhuar,
Chonaic siad réalt sa spéir
Agus chuala gach duine cór.

Cúrfá

Shrois Iósaef Beitheal an oíche sin,
É féin ‘gus Muire a bhean,
Ach dhiúltaigh tábhaireoir iad uilig,
Seomra saor ní raibh ann.

Cúrfá

Faoi dheireadh chuaigh an bheirt isteach
I stábla fuar, lom, caol;
‘S i mainséar beag le cocán buí
Tháinig Íosagán ar an saol.

Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf