Mheall Sí Lena Glórthaí Mé

Unique Word Count: 178

Seo mo mhallacht ar na mná,
'S iad a mhearaigh mé 'gus rinne mo chrá,
Thit mé i dtús mo shaoil i ngrá le spéirbhean álainn óg,
Is mheall sí lena glórthaí mé.

'S í bhí sochmaí laghach gan bhród, 
'S í ba mheallacaí 's ba mhilse póg,
Bhí sí croíúil greannmhar cóir 's ní bréag a bhfuil mé 'rá,
Gur mheall sí lena glórthaí mé.

Shíl mé nach raibh aon duine bocht ar mo dhream,
Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann,
Ach faraoir tá mé fágtha anois go fann, 'mo dhobhrán bhocht liom féin.
Ó mheall sí lena glórthaí mé.

Is iomaí oíche fhada fhuar,
A chaith mé 'suirí léithe chois na gcruach
Is a' teacht 'na 'bhaile arís gan ghruaim le bodhránacht a' lae,
Nuair a mheall sí lena glórthaí mé.

Thóg sí a seolta i bhfad ar shiúl, 
Is d'fhág sí mise a' sileadh na súl,
Ach nár chuma liom dá mbínn a' dúil lena feiceáil arís níos mó,
Och, mheall sí lena glórthaí mé.

Anois táim cloíte caite críon,
Gan tslacht gan rath gan stór gan maoin,
Gan duine le theacht 'e mo chóir san oích' a thógfadh domhsa cian,
Ó mheall sí lena glórthaí mé.

Nach doiligh domhsa theacht fríd a' tsaol,
Ó d'éalaigh an ainnir úd a chráigh mo chroí,
Is d’fhág sí mise lag gan bhrí 'o mo chaitheamh 's 'o mo chloí,
Ó mheall sí lena glórthaí mé.

Mo chreach mo léan 's mo mhíle trua, 
Nár fágadh sínte mé san uaigh,
Sular casadh domh ainnir chiúin na gcuachann a chráigh mo chroí go deo,
Ó mheall sí lena glórthaí mé.

Chuir sí mise ó chodladh na h-oích'. 
Is chuir sí arís mé ó ithe 'n bhidh,
Tá me anois ar leabaidh 'n bháis mo luí a' feitheamh ar an uair,
Ó mheall sí lena glórthaí mé.

Ach dá mbeadh an saol seo ar mo mhian 
Scéal cinnte go mbeimis óg a choích'
Nó chuirfinn lámh na cloige arís go dtí an t-am arbh fhiú bheith beo
Nuair a mheall sí lena glórthaí mé.

Ó, mheall sí lena glórthaí mé
Is ea mheall sí lena glórthaí mé.

-Seán Bán Mac Grianna