Mná Na hÉireann

Unique Word Count: 160

Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól 
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil
Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo 
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód

Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg 
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo 
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin.

Tá bean i Laighnibh is ní miste léithe bheith lámh liom ar bord,
Is tá bean i bhFearnmhaigh a ghéabhadh bhéarsai is is sárbhinne glór, 
Bhí bean ar thaobh cnoic i gCarraig Éamoinn a níodh gáire ag ól
Is tráth bhí ina maighdin ní mise d'éignigh dá chois ó chomhar.

Tá bean a leagfadh, nífead is d'fhuaifeadh cáimric is sról,
Is tá bean a dhéanfadh de dh'olainn gréas is thairnfeadh an bhró 
Tá bean is b'fhearr leí ag cruinniú déirce nó cráite re cró
Is tá bean 'na ndéidh uile a luífeadh lé fear is a máthair faoi fhód

Tá bean a déarnadh an iomad tréanais is grá Dia mór,
Is tá bean nach mbéarfadh a mionna ar aon mhodh is nach n-ardódh glór; 
Ach thaispeáin saorbhean a ghlacfadh lé fear go cráifeach cóir
Nach mairfeadh a ghléas is nach mbainfeadh léithe i gcás ar domhan.

Tá bean a déarfadh dá siúlfainn léi go bhfaighinn an t-ór, 
Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain, 
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól

-Peadar Ó Doirnín ~1704 – 1769