Unique Word Count: 66
Mo bhrón ar an bhfarraige is í ata mór 'S í ag gabhail idir mé is mo mhíle stór! Fágadh sa mbaile mé ag déanamh bróin, Gan aon tsúil thar sáile liom choíche ná go deo. Mo léan nach bhfuil mise is mo mhuirnín bán I gCúige Laighean no i gContae an Chláir! Mo bhrón nach bhfuil mise is mo mhíle grá Ar bord loinge ag triall ar Mheiriceá! Leaba luachra a bhí fum aréir 'S chaith mé amach í le teas an lae; Tháinig mo ghrá-sa le mo thaobh, Guala ar ghualainn is béal ar bhéal.