Unique Word Count: 118
Ar an bhaile seo ta cailín deas, ’sí cúis mo bhróin ’s mo chrá, ’S níl leigheas ann dom ach leigheas an bháis, mura féidir liom í ’ fháil. Is brónach déarach ’tá mo chroí nuair atá mé i bhfad óm’ ghrá ‘S í grá mo chroí, ’s í péarla an domhain, mo rún mo chailín bán. Ta a súil níos gile ná an ghrian ag soilsiú insa spéir, ’S is deirge a gruaidh ná an fíon i ngloiní geala is glé. Tá a béal níos milse ná an mhil, is a cúilín mín is lán, ’S í grá mo chroí, ’s í péarla an domhain, mo rún, mo chailín bán. Tá scoith na Gaeilge ag mo ghrá, ár dteanga álainn féin, Is binne liomsa guth na mná ná ceolta binn’ na n-éan. Ag éisteacht lena cánúint bhreá, ó chaithfinn bliain iomlán. ’S ag déanamh comhrá dheas go breá le mo rún, mo chailín bán. Cé gur annamh liom a labhrann sí, fós, feicim í le háil. Le dóchas mór go mbeadh sí liom mar chéile is mar ghrá. Ach níl aici orm ach dímheas fuar a líonann mo chrói le crá ’S í fós go deo mo ghrá gan ghó, mo rún, mo chailín bán.