Unique Word Count: 117
Tá ba agam ar shliabh 'S nil duine 'gam na ndiadh Ach mé do mo bhuaidhreadh leofa Bíodh idir mise is Dia Má's orthu 'tá mo thriall Is Bhain siad mo chiall go mór uaim Curfá: 'Sí Moll Dubh a' Ghleanna í 'Sí Moll Dubh an Earraigh í 'Sí Moll Dubh is deirge ná'n rósa 'S dá bhfaighinnse féin mo roghainn De mhná óga deasa 'n domhain 'Sí Moll Dubh a' Ghleanna ab fhearr liom Mise bheith gan mhaoi Feasta choíche ní bhim Is Moll dubh bheith i dtús a h-óige Och, is fann guth an éin A labhras leis féin Ar thulaigh nó ar thaobh na monadh Curfá Is ag Moll dubh a' ghleanna Tá mo chroí-se i dtaiscí 'S í nach bhfuair guth na náire Is go ceillí, múinte, cneasta A dúirt sí liom ar maidin "Ó imigh uaim 's nach pill go brách orm" Curfá Níl'n óganach geanúil Ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh Is timpeall go h-Umhaill Uí Mháinnle Nach bhfuil a dtriall ulig 'na ghleanna Ar eacraidh slime sleamhainne I ndúil leis an bhean dubh a b 'aille Curfá
Unique Word Count: 173
Ag Moll Dubh a' Ghleanna atá mo ghrá le fada, is í nach bhfuair guth ná náire, 'S is muinte ceilli cneasta aduirt si liom ar maidin: "Imigh agus ná pill go brách orm" Níl aon ógánach gasta ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, ná ó sin arís go hUmhaill Uí Mháille Nach mbeadh a’ triall 'un a' ghleanna ar eachraí slime sleamhna a' dúil leis an Mholl Dubh álainn. Tá ba agam ar sliabh 's níl aon duine agam 'na ndiaidh is tá mé 'mo chriathrú leobhtha A' seoladh soir is siar as 'ach áit a mbíonn a dtriall 's a n-aghaidh ar a' bhaile tráthnóna. Folamh liom féin feasta ní bheinn ach Moll Dubh bheith 'dtús a hóige, Nuair a chríonas a' tslat ní bhíonn uirthi tlacht mar bíos ar na crannaibh óga. Dá bhfaighinnse bean an Impire, bean ó Chaiftín Dongain nó 'níon do chuid Rí Seoirse, Bean na mbachall caoin a bhreoigh go deo mo chroí, bean eile agus dhá mhíle bó léi; Níon óg an larla agus í bheith i bpriacal a' teacht a m'iarraidh le pósadh, Mná deasa 'n domhain is faighim iad ar mo roghain, is í Moll Dubh a' ghleanna a phósfainn. Siud é thiar mo theach níl tuí air ná scrath, is é déanta ar leataoibh an bhóthair ‘S nach críonna 'n rud a' bheach nuair a ghní sí a nead i dteas agus i dtús an Fhómhair. Is fann guth an éin a labhras leis féin ar an tulaigh nó ar shliabh na móna ‘Sé díobhail na bhfear a d'fhág sinn ar lear agus scaoilimis ár mbeannacht leobhtha.