Múinfimid Gaeilge Do Ghráinne

Unique Word Count: 99

Cé hí siúd a tchím ag tarraingt chugainn aniar? 
Nó fós, cad is brí lena cuairt chugainn?
Is í Gráinne mhilis Mhaol í a chaill a teanga féin 
Is atá chugainn go tréan ar a tuairisc

Curfá: Ó labhair léi go séimh deas i dteanga bhinn na hÉireann, 
Is bhéarfadsa an chailc is an clár liom.
Ná bíodh eagla ar an bhé, beidh sí eadrainn araon, 
Agus múinfimid Gaeilge do Ghráinne.

Bhí Gráinne bhocht go tinn agus banaltra ina feighil, 
Is chuir meadhrán agus pian uirthi in éineacht,
Mar théigh sí leis an Bhéarla agus thréig sí a teanga féin, 
Ach ná bímis dá héagnach sa mhéid sin.

Nach lom í a haghaidh is nach fann í a caint, 
Is é an feall mura bhfaighe sí a sláinte
Ach labhraimis léi agus meallfaidh muid an bhé 
Agus bhéarfaidh muid slán linn ón bhás í.