Na Connerys – Leagan 1
Unique Word Count: 100
A Choimhín mhallaithe guímse deacair ort agus gráin Mhic Dé Is ar an ngasra úd athá ceangailte go dlúth le d’thaobh Is iad a dhearbhaigh na leabhartha go humhal sa mbréag Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí sna New South Wales Té a bheadh ina sheasamh ann is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé Mar a sheasaigh sí ón seacht ar maidín go dtí tar éis a naoi Do chroith an talamh fúinn le linn na leabhartha ann dá dtabhairt sa mbréag Mo ghreidhin an t-anam bocht nó tá sí damanta má’s fíor don chléir A Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal, den trócaire orainn araon Is ar an mbanaltra atá sa bhaile go dúch inár ndéidh Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé Leis na Connerys a thabhairt abhaile chughainn ó sna New South Wales
Na Connerys – Leagan 2
Unique Word Count: 113
Na Conairigh na sárfhir is iad atáim a dh'áireamh, A cuireadh uainn thar sáile sna réigiúin i gcéin; Is danaid dúinne uainn iad san áit ná faighidh siad fuascailt, As sinn anso faoi bhuaireamh i mBoth an Dúin na gcraobh. 'Sea dtigh a bhíodh go buacach, go fáidhiúil fáiltiúil fuarmach, Gealchupordach, mo bhuaireamh, faoi mhuarchuid bhfeoil; Lucht taistil cnoc is sléibhte agus straigiléirí aonair, Bheadh a leaba agus a mbéile agus féile ina gcomhair. Chuadar go Port Lairge a d'iarraidh dul thar sáile, Sin ní ná raibh i ndán dóibh 's níor ránaigh se dhóibh, Mar bhí fear a mbraite i láthair thug timpeall orthu an garda, Is isteach arís a sáthadh iad in áras faoi bhrón. Tugadh iad súd láithreach go príosún mór Phort Lairge, An t-áras daingean láidir úd, gan fáil ar dhul 'na ghaobhar, Ach thugadar a sála dosna fallaí móra arda, Is an tSiúir amach gur shnámhadar gan spleáchas don seighléir. Mo mhallacht ort is léir ort, a rascail bhradaigh bhréagaigh! Nára fada an lá go n-éagair gan bhaochas Mhic Dé! Is tú ghlac an bhreab go héasca is a dhearbhaigh an t-éitheach A chuir na Conairigh thar tréanmhuir Ó Bhoth an Dúin na gcraobh.