Neainsín Bhán

Unique Word Count: 162

Ó 's, a Neainsín Bhán, cé 's ansa leat, 
Fear eile nó mé fhéin?
Is a Neainsín, thug mé fancy dhuit
I dtosach ar mhná 'n tsaoil;
Mar shíl mé go mba bhreátha thú 
Ná bean ar bith sa saol,
Smid cáinte ná raibh ag an té 
Nach molfadh leatsa mé.

Is ma théann tú chun an aonaigh, 
Bíodh a' chaora leat is a' t-uan,
Is mé théann tú 'déanamh tíobhais 
Bíodh do mhian agat ar dtús;
Óra, bíodh sí maorga, macánta, 
Is í molta as a clú,
Is ní barr maoine 'thabharfaidh 'un tíobhais thú
Is ná mealltar le sraoill thú.

Is dá mbeadh heels agus tops faoi mo bhróga a'm,
Agus cóir mhaith bheith ar na boinn,
Óra, ghabhfainnse 'chuile Dhomhnach leat 
San áit a mbíonn a' spraoi;
 
Mar ní thógfadh an t-aos óg orm 
Gach comhrá dá gcuirfinn díom,
Is dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil 
Níorbh fhada liom an oích',

'S ar theacht na Nollag nach dona í an obair 
A' síorchur insan gcré!
Mar 'bheadh seabhcán ar bharr sceiche, 
Nó barr glas na sú' craobh;
Mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse
D’aon fhear beo sa saol
A thógfadh orm bheith ag cogarnaíl 
Le stóirin geal mo chléibh.

Is, a théagairin, ní féidir duit 
Gan duine éigin a fháil
A nífidh do chuid éadaigh
Nó a fhuinfidh do chuid 'ráin; 
Ach, a phéarla 'tá breá gléigeal 
Go cíoch, go cois, go láimh,
Is é mo léan gan mé faoi shléibhte leat 
Is cead éada ag feara Fáil!